Laochra Ros Muc

Maidhcó Ó Conaire

Scríobh Seoasamh Ó Cuaig alt deas faoi Maidhcó,  ar dheis Dé go raibh a anam dílis.   Tá mé á chur anseo thíos mar go raibh muid an-cheanúil air.

…ar shlí na fírinne

Tá Micheál Ó Conaire imithe uainn ach spreagfaidh a chuimhne agus a mhisneach glúin eile le seasamh go láidir daingean ar son Ros Muc, ar son Chonamara agus ar son na hÉireann

ÓMÓS: Maidhcó Ó Conaire, laoch de chuid Ros Muc agus Chonamara, ar shlí na fírinne

Pictiúr: Seán Ó Mainnín

‘Fir na scéal mo léan is an bás á leagan,’ a dúirt an file Máirtín Ó Direáin i gceann dá chuid dánta. D’fhéadfaí caint den chineál céanna a dhéanamh faoi Mhicheál Ó Conaire a chuirfear i reilig Chill Bhriocáin i Ros Muc inniu, Dé Máirt.

Maidhcó Mhaidhcil Sheáin Pheaidí a thugtaí ina cheantar dúchais air.

Seans gur scéalta Fiannaíochta is mó a bhí ag na fir a raibh aithne ag Máirtín Ó Direáin orthu. Níorbh é sin an cineál scéalaíochta a chleachtadh Maidhcó. Cúrsaí an lae ab fhearr leisean,  blúirí as stair agus as béaloideas Ros Muc agus cur síos ar eachtraí a tharla dó féin nuair a bhí sé ag obair i Sasana agus i Meiriceá.

Fear a bhí ann a bhí thar a bheith dílis do Ros Muc. Bhí sé bródúil as traidisiún Poblachtach Ros Muc. Ba bhreá leis i gcónaí a bheith ag cur síos air sin, go mór mór do strainséirí.

Is cuimhin liom lá a raibh trí scór cuairteoir againn ar bhus agus muid ag dul ó áit go háit ag tabhairt léargais ar ionaid stairiúla pharóiste Ros Muc. Mise a bhí ag tráchtaireacht ach bhí Maidhcó ar an mbus é féin agus é do mo cheartú nuair a théinn ar strae leis an eolas.

Thug mé iad go dtí an áit ar rugadh agus ar tógadh mo mháthair in Inbhear. D’inis mé dóibh gur minic a bhíodh sí ag cur síos ar an lá ar dhóigh fórsaí na Breataine  cúig theach sa bparóiste tar éis luíocháin Scríb i 1921. Bhí teach a seanathar, nach raibh ach garraí uaithi, ar cheann acu.

Ba mhaith a thuig na Gaill, agus Gaeil á dtreorú, gurbh é uncail mo mháthar, Colm Ó Gaora, a thug an focal d’Óglaigh na hÉireann leis an luíochán a dhéanamh.

Tháinig na Dúchrónaigh agus na póilíní isteach i dteach mo mháthar. ‘Where’s your father, where’s your father?’a bhí siad  a screadach.

‘Gone to Aran with turf,’ a d’fhreagair mo mháthair.  Ní raibh sí ach aon bhliain déag  d’aois ag an am.

‘Nach maith go raibh an oiread sin Béarla agat?’ a deirinnse léi.

‘Muise is dóigh go raibh sé múinte dom sula dtáinig siad, a leainín,’ a deireadh sise.

‘B’fhéidir go raibh,’ arsa Maidhcó as a shuíochán ar an mbus, ‘ach mhúintí cuid mhaith Béarla sa scoil freisin’.

Cheartaigh sé arís mé an oíche ar seoladh an leabhar a scríobh Rónan Mac Con Iomaire faoi laoch dornálaíochta Ros Muc, Seán Ó Mainnín.  I dteach tábhairne Mhaidcó Pheatsa Breathnaigh i Ros Muc a rinneadh an seoladh.

Bhí an teach lán go doras. Mé féin agus Seán Bán Breathnach a rinne an chaint.

Bhí Maidhcó Ó Conaire thuas ag an gcuntar agus é ag baint súmóga blasta as gloine fuisce. Ba bhreá uaidh a chuid fuisce a ól chuile lá ariamh.

‘Is maith na cainteoirí an bheirt agaibh,’ a dúirt sé, ‘ach rinne sibh dearmad mór  amháin mar sin féin; níor labhair sibh ar Mhaidhc Flaherty chor ar bith.’

Ba é Maidhc Flaherty a thraenáil Seán Ó Mainnín i dtosach agus bhí ómós an domhain ag Seán dó. I mBoston a bhí an Mainníneach an oíche sin. Dá mbeadh seisean ag seoladh  an leabhair in éineacht linn bheadh Maidhc Flaherty ar an gcéad duine a labharfadh sé air.

Chaith Maidhcó tréimhse ina shaoiste ar scéimeanna fostaíochta pobail. Má chonaic sé geaingir ag baint an chraicinn dá gcuid fear oibre i Sasana níor thug seisean tada den bhealach sin abhaile leis. Ba ghroíúil, tuisceanach, foighdeach an saoiste é.

Ach nuair atá deireadh ráite,  is dóichí go gcuimhneofar go háithrid ar Mhaidhcó faoin gcaoi ar sheas sé go misniúil, dílis nuair a bhí feachtas na mbóithre ar bun ag an eagraíocht Cumhacht. Cuireadh i bpríosún é nuair nach n-íocfadh sé cáin bhóthair mar agóid i gcoinne dhrochbhail na mbóithre i gConamara. Ba mhór an chúis mhaíte agus onóra é sin aige go lá a bháis.

Cúpla lá sular cailleadh é, dúirt sé le mac a dhearthára go raibh súil aige go mbeadh biseach air i gcomhair shlógadh na gcarranna Dé Domhnaigh le haird a tharraingt aríst eile ar an drochbhail atá fágtha ar na bóithre. Faraor ní raibh sé i ndán dó gur mar sin a tharlódh.

Ar maidin Dé Domhnaigh a shéalaigh sé.

Nach é a bheadh bródúil ag breathnú ar mhac eile lena dheartháir, Mánas, ag stiúradh na gcarranna ag crosbhóthar Scríb tráthnóna Dé Domhnaigh?

Tá Maidhcó bocht imithe uainn ach spreagfaidh a chuimhne, a mhisneach agus a shampla glúin eile le seasamh go láidir daingean ar son Ros Muc, ar son Chonamara agus ar son na hÉireann.

ealaín

Féilirí 2018 ar díol anois

painting by Eoin Mac Lochlainn of old empty fireplace

Ar dtús inniu, tá scéailín deas agam daoibh faoin bpictiúr seo ag barr. Sin tinteán mo shin-sheanmháthair, thuas ar leithinis Fhánada i nGaeltacht Thír Chonaill.

Emily McGloughlin ab ainm di agus ba leathdheirfiúr le Pádraig Mac Piarais í. Rugadh i mBleá Cliath í ach bhí sí ag obair ar feadh tréimhse mar bhean chabhrach (midwife) thuas i Fánaid. Dúirt bean liom go ndúirt bean léi go raibh cónaí uirthi i dteachaín beag deas in ascaill ghleanna, áit eicint in aice le Ros na Cille, in iarthar na leithinise.

photo of Eoin Mac Lochlainn in Fanad, Co. Donegal

Agus bhí an t-ádh linn. D’ aimsigh muid an teach gan mórán stró – ach faraor, bhí an dian tite isteach agus bhí driseacha agus eidhneán ag fás san seomra suí(!) Ach bhí crann úll fós ag fás lasmuigh, bhí toranna spíonán sa ghairdín cúil agus bhí srutháinín deas ag boilgearnach leis in aice láimhe.

Agus fiú má bhí sé truamhéalach anois, bhí suaimhneas iontach le mothú ann, agus is cinnte go raibh mo shin-sheanmháthair ag breathnú anuas orainn le grá ina croí.

Tá an pictiúr thuas i bhféilire nua a d’fhoilsigh mé le déanaí. Féilire de mo chuid pictiúirí atá ann – na tinteáin tréigthe a chonaic mé ar fud na tíre le tamaill de bhlianta anuas.  (Is féidir an féilire a cheannach anseo – nó ríomhphost a sheoladh chugam ag – eoinmaclochlainn@gmail.com ).

 

Féilirí ar díol - photo of Calendars by Eoin Mac Lochlainn€12 an ceann

Cosnaíonn na féilirí seo €12 and ceann.  (Níl aon costas breise ort don postas agus pacáistiú  má tá tú i do chónaí in Éirinn). Tá siad seo 330 cm x 218 cm agus níl ach céad acu foilsithe agam. Tá siad go léir sínithe ar chúl agam ach… más mian leat ceann (nó dhó) a cheannach,  ní mór duit brostú ort – mar tá siad ag imeacht ar nós na cácaí milse  🙂

https://emacl.wordpress.com/2018-calendar/

http://www.oliviercornetgallery.com/

 

ócáid speisialta

Leabhar Nua

Teach an Phiarsaigh, Ros Muc 2016

Bhuel, bhuel, bhuel, an gcreidfeá go bhfuil an togra ealaíne Ag Seasamh an Fhóid tar éis teacht chun soluis i leabhar mór a foilsíodh le déanaí in Ard-oifig an Phoist i mBleá Cliath!

Dúirt mé cheana gur theilg mé an gearrscannán “Ar theacht an tSamhraidh” ar binn tí an Phiarsaigh i rith Scoil Samhraidh an Phiarsaigh anuraidh.  Nuair a bhí an chuid fhoirmeálta thart agus an phobail ag scaipeadh, d’imigh mise agus mo dheartháir (Fearghas) trasna go dtí Teach an Phiarsaigh aríst. Bhí soilse fós ar lasadh ag Scoil an Ghort Mhóir ach bhí muidne linn fhéin i gcoim na h-oíche. Chuir muid an teilgeoir ar siúl agus sheas muid ansin, le sceitimíní do-inste orainn, agus muid ag faire ar na h-íomhánna tochtmhara ag teacht is ag imeacht ar binn tí an Phiarsaigh.

Buíochas le Dia, bhí an aimsir tirim, bhí an oíche galánta agus d’oibrigh gach rud gan stró don ócáid speisialta seo. Tá níos mó scríofa agam faoi seo ar mo bhlag fhéin: “Scéalta Ealaíne”  (an chéad nasc thíos) ach anois tá sé sa leabhar nua seo Centenary a seoladh le déanaí.  Nach ait an mac an saol  🙂

photo of Eoin Mac Lochlainn at the launch of Centenary in the GPO Dublin
Mise ag seoladh oifigiúil “Centenary”in Ard-oifig an Phoist i mBleá Cliath    pic: Fionnuala Rockett

https://emacl.wordpress.com/

http://www.eoinmaclochlainn.com/

http://tuairisc.ie/gailearai-caint-bhriomhar-ag-scoil-samhraidh-an-phiarsaigh-i-ros-muc/

ealaín, Imeachtaí Speisialta

An Fear a d’éalaigh amach an Fhuinneog

Unveiling of painting of Padhraic O Congaile by Eoin Mac Lochlainn
Philomena Ní Leathlobhair, Máire Barnard agus Micheál Ó Máille, Príomhoide ag nochtadh pictiúr de Phádhraic Ó Conghaile ag Scoil Náisiúnta Bhriocáin, an Gort Mór (pic: Seán Lydon)

Agus muid ag déanamh taighde ar Éirí amach na Cásca i Ros Muc, chuala muid tagairtí go minic ar an bfhear ar léim amach an fhuinneog.  Ach cé bhí ann agus cén fáth gur léim sé amach fuinneog?

Pádhraic Ó Conghaile an t-ainm a  bhí air, príomhoide Scoil Náisiúnta an Ghoirt Mhóir agus b’eisean an fear a thug Pádraig Mac Piarais go Ros Muc don chéad uair riamh.  Tá Micheál Ó Máille, an príomhoide san scoil céanna inniu, tar éis leabhar iontach a fhoilsiú faoi agus bhí an seoladh oifigiúil ar siúl dé hAoine seo chaite ag Scoil Náisiúnta Bhriocáin, an Gort Mór.

D’fhás cairdeas láidir idir an bPiarsach agus Pádhraic Ó Conghaile agus bhí Pádhraic gníomhach i gCogadh na Saoirse i ndiaidh 1916.  Thárla go raibh sé ag múineadh sa scoil lá amháin nuair a chualathas gleo ag teacht ina dtreo – na Dubhchrónaigh ag teacht i leoraí airm len é a ghabháil… Ach níor eirigh leo – mar dhreap sé amach an fhuinneog agus d’éalaigh sé leis, suas ar chnoc an Ghoirt Mhóir.

Dhath mise pictiúr de Phádhraic le crochadh sa scoil.   Bhí ócáid mór ann an tseachtain seo chaite nuair a sheol Seosamh Ó Cuaig leabhar Mhicíl go h-oifigiúl.  Bhí gar iníonacha Phádhraic ann freisin agus nochtaigh siadsan an pictiúr dá seanathair go h-oifigiúl.  Tá súil agam anois go dtabhairfear aitheantas ceart do Phádhraic Ó Conghaile agus don spreagadh a thug sé do mhuintir na h-áite – mar oide, mar réabhlóidí agus mar laoch.

http://scoilbhriocain.weebly.com/

http://tuairisc.ie/an-fear-a-thug-an-piarsach-go-ros-muc/

Ag Seasamh an Fhóid/

http://www.eoinmaclochlainn.com/

ealaín, Imeachtaí Speisialta

Oireachtas Chois Fharraige

piosa den scannán "Ar theacht an tSamhraidh"
pictiúr ón ghearrscannán “Ar theacht an tSamhraidh” le Eoin Mac Lochlainn

Fuair mé glaoch ó Joe Steve Ó Neachtain an lá cheana. Bhí sé tar éis mo scannáinín a fheiscint ag Scoil Samhraidh an Phiarsaigh agus thaistigh uaidh é a fheiscint aríst!!!   “Ar theacht an tSamhraidh” a bhí i gceist aige, ar ndóigh, an gearrscannán a chruthaigh mé mar chuid den togra ealaíne “Ag Seasamh an Fhóid”.  Bhuel, tá clú agus cáil ar Joe Steve mar scríobhnóir, aisteoir, drámadóir agus craoltóir agus mar sin, le barr fiosrachta, d’iarr mé air céard a bhí i gceist aige.

“Bhuel”, ar seisean, “Tá Oireachtas Chois Fharraige ar siúl an tseachtain seo chugainn agus ba mhaith linn é a chraoladh ansin”. (Bhí comóradh speisialta ar siúl acu i mbliana, ní h-amháin ar Oireachtas na Gaeilge 1976 ach ar Éirí amach na Cásca 1916 agus ar bhunú Chumann Forbartha Chois Fharraige i 1966. Agus ní comóradh amháin a bhí i gceist acu leis an bhféile, ach ceiliúradh mór ar an bpobal beo bríomhar atá ina cónaí i gCois Fharraige na laethanta seo).

Ní ghá dom a rá go raibh mé iontach sásta gur iarradh ormsa a bheith páirteach sa bfhéile seo agus, fiú má bhí sé déanach, d’éirigh liom mé fhéin a eagrú agus – as go brách liom, siar go Conamara don deireadh seachtaine.

Síle Denvir agus a cairde ag Oireachtas Chois Fharraige
Síle Denvir agus a cairde ag Oireachtas Chois Fharraige

Oíche dé hAoine, bhí ceolchoirm álainn ar siúl ar dtús – “Caithréim” – á chur i láthair ag Síle Denvir agus a cairde.  Ansin craoladh “Ar theacht an tSamhraidh” agus ansin chuir Fíbín “Mac Piarais i bPictiúir” i láthair. Níos déanaí fós, bhí seisiún ceoil ar siúl i dTigh Mholly in Indreabháin.

Is féidir an scanán sin a fheiscint ar Scéalta Ealaíne ag:

https://emacl.wordpress.com/2016/08/04/clandestine-projection-in-connemara/

 

 

ealaín, Imeachtaí Speisialta

Ag Scoil Samhraidh an Phiarsaigh…

film projection by Eoin Mac Lochlainn at Pearse's Cottage in Rosmuc, Connemara

Mar chuid de chlár Scoil Samhraidh an Phiarsaigh a bhí ar siúl i Ros Muc ag an deireadh seachtaine, bhí seans againn léiriú a thabhairt ar ár dtogra ealaíne: “Ag Seasamh an Fhóid”.  Thaispeáin mise an gearrscannán: “Ar Theacht an tSamhraidh” don chéad uair agus chruthaigh Nuala Ní Fhlathúin píosa ealaín suiteála thíos ag Loch an Turlaigh Bhig don deireadh seachtaine.

Nuair a bhí an chuid fhoirmeálta thart agus an phobail ag scaipeadh, d’imigh mise agus mo dheartháir (Fearghas) trasna go dtí Teach an Phiarsaigh aríst. Bhí soilse fós ar lasadh ag Scoil an Ghort Mhóir ach bhí muidne linn fhéin i gcoim na h-oíche. Chuir muid an teilgeoir ar siúl agus sheas muid ansin, le sceitimíní do-inste orainn, agus muid ag faire ar na h-íomhánna tochtmhara ag teacht agus ag imeacht ar bhinn tí an Phiarsaigh.  ‘Sé seo thíos an scannán ar theilg muid…

Buíochas le Dia, bhí an aimsir tirim, bhí an oíche galánta agus d’oibrigh gach rud gan stró don ócáid speisialta seo. Tá níos mó scríofa agam faoi seo ar mo bhlag fhéin: “Scéalta Ealaíne”  (an chéad nasc thíos)

https://emacl.wordpress.com/

http://www.gaillimh.ie

http://www.eoinmaclochlainn.com/

http://www.pearsemcgloughlin.com/

http://tuairisc.ie/gailearai-caint-bhriomhar-ag-scoil-samhraidh-an-phiarsaigh-i-ros-muc/

 

ealaín, stair

Ardú Meanman i gCrois an Araildigh

Rising exhibition at Mount Argus, curated by Eoin Mac Lochlainn
Eitleoga le Nuala Ní Fhlathúin, i Mainistir Mount Argus, Crois an Araildigh

Agus muid ag tabhairt faoin togra ealaíne “Ag Seasamh an Fhóid” i Ros Muc,  thárla go bhfuair muid deis é a thabhairt go Baile Átha Cliath chomh maith.

Chuir muid taispeántas ar siúl i sean-mhainistir Mount Argus i gCrois an Araildigh, áit ina mbíodh an Piarsach agus a chlann go minic roimh Éirí Amach na Cásca. Bhíodh máthair an Phiarsaigh ag múineadh ranganna Gaeilge anseo ar feadh scaithimh agus bhí aithne mhaith acu ar na manaigh ann.  Tá dealbh den Mhaighdean Mhuire le Willie insan mainistir fós. Chuaigh Pádraig agus Willie ar faoistin anseo ar Aoine an Chéasta, roimh dóibh dhul isteach sa chathair don Éirí Amach.

“Rising” an teideal a thugamar ar an dtaispeántas seo.  Chuir go leor daoine spéis sna h-eitleoga a chroch Nuala Ní Fhlathúin ann, eitleoga a chruthaigh sí le neantóga triomaithe. Bhí an cuma orthu go raibh siad ag éirí in airde, ag tabhairt ardú meanman dúinn agus iad ar foluain insan Seomra Uachtarach i Mount Argus.  Bhí sé an-dheas go raibh ceangal idir an dá áit agus chuir muintir Chrois an Araidigh an-spéis insan togra a bhí ar siúl againn i Ros Muc.

Bhí físeán le Ricí Ní Chléirigh againn chomh maith, físeán ina raibh beirt ag cniotáil agus ag scaoileadh geansaithe de olann dearg. Mheabhraigh sé dom an támhacht a bhí leis na mná san éirí amach cé gur tugadh neamhaird orthu le fada an lá. Ní thugtar mórán measa do “obair ban” riamh, is dócha, cé go bhfuil an saol ag brath air… Lean an léiriú seo a rinne Ricí agus a h-iníon, naoi n-uair a’ chloig.

video installation at Mount Argus by Rici Ni Chleirigh in the Rising exhibition curated by Eoin Mac Lochlainn
Físeán le Ricí Ní Chléirigh

Thaispeáin mise portráid den Piarsach, an ceann atá le feiscint ar chlúdach chlár Scoil Samhraidh an Phiarsaigh i mbliana, ach bhí pictiúr theibí agam chomh maith (an ceann dearg thíos).  Fadó, d’iarr an tAthair Ralph orm pictiúr a dhathadh dó – nuair a bhí stiúideo agam i mbóitheach taobh thiar de shean-mhainistir Mount Argus.  Thaistigh uaidh pictiúr a bheadh bunaithe ar Pháis Chríost. Cheap mé go mbeadh sé spéisiúl é seo a chur san taispeántas chun tagairt a dhéanamh don ceangal idir na manaigh agus na hÓglaigh agus chomh maith le sin, an ceangal idir Éirí amach na Cásca agus bás agus aiséirí Chríost.

abstract painting by Eoin Mac Lochlainn at Mount Argus, Dublin
‘An Pháis’ le Eoin Mac Lochlainn

Bhí sraith de phictiúirí le Lorcan Walshe againn freisin, sraith aghaidheanna thaibhsiúla (ceann amháin acu thíos) a thug chun cuimhne na daoine go léir a cailleadh in Éirí amach na Cásca.

Painting of Head by Lorcan Walshe in Rising exhibition curated by Eoin Mac Lochlainn at Mount Argus, Dublin

Agus bhí an t-ádh linn go raibh an file Catherine Ann Cullen linn chun an taispeántas seo a oscailt. Labhair sí go tuisceanach, dea-chroíoch faoi na h-oibreacha ealaíne agus – creid nó ná chreid – ach bhí dán scríofa aice go speisialta don ócáid. Agus thug sé sin ardú meanman dúinn freisin!

Tá físeán den taispeántas thíos faoi seo.  Muna féidir leat é a fheiscint láithreach, ba chóir duit cliceáil isteach sa bhlag fhéin…

http://emacl.com/

https://nuaealain.wordpress.com/

stair, Tírdhreach

Ag Béicíl ar Chnocán na Móna (!)

Cnocán na Móna
Cnocán na Móna

Bhí fear ag rá liom lá amháin faoin Chath Óglach a chuir an Piarsach ar bun idir Ros Muc, an Cheathrú Rua agus na hOileáin. Bhí sé an-mhórálach as na hÓglaigh seo agus bhíodh siad ag druileáil sa cheantar ó am go h-am faoina stiúrthóireacht. Agus uair amháin, nuair a bhí grúpa Óglaigh ó Bhaile Átha Cliath ar cuairt, chuir sé ‘manoeuvres’ ar siúl i lár Ros Muc – le taispeáint b’fhéidir, cé chomh slachtmhar agus chomh díograiseach is a bhí a chuid saighdiúirí.

Is dóigh go raibh thart ar leath-chéad Óglach ón cheantar ann agus iad scaipthe amach ar fud na h-áite, i Snámh Bó, i gCloch na Leachta, san Tamhnach Beag agus áiteanna eile, agus bhí an Piarsach ina sheasamh ar Chnocán na Móna ag tabhairt ordaithe agus é ag béicíl agus ag screadaíl in ard a chinn is a ghutha. Anois, deirtear liom gur fear ciúin, séimh a bhí sa bPiarsach, fear nach gcloisfeá ag ardú a ghuth riamh, ach an lá áirithe sin – bhuel, by deaid, bhain sé geit as gach éinne. Dúradh go raibh na fir ar an Tamhnach Beag in ann é a chloisint go h-éasca agus eisean ina sheasamh ar Chnocán na Móna!

Sheas mise ansin lá amháin ar an charraig leathan atá ar thaobh an bhóthair agus mé ag iarraidh a shamhlú conas mar a bhí sé ann fadó. Ní raibh na crainn chomh mór is dócha, bheadh sé níos éascaí na h-áiteanna eile a fheiscint, b’fhéidir… ach tá an Tamhnach beag i bhfad, i bhfad ón áit. N’fheadar an ag magadh fúm a bhí sé?

Taibhse ar Chnocán na Mona?
Taibhse ar Chnocán na Mona?

An bhfuil tuilleadh scéalta agat faoi shaol an Phiarsaigh i Ros Muc?  Má tá, ba mhaith linn a chloisint uait!

Tá muid an-bhuíoch don urraíocht ó

udaras-logo

http://www.udaras.ie/

https://emacl.wordpress.com/

 

 

ealaín, gearrscéalta

Íosagan agus Scéalta eile

Íosagán agus Sean-Mhaitias os comhair an Fhaiche
Íosagán agus Sean-Mhaitias os comhair an Fhaiche  (Eibhlín Ní Chochláin a chruthaigh an líníocht)

Tá ealaíontóir clúiteach ina cónaí i Ros Muc. Bernie Joyce is ainm di. D’fhoilsigh sí leabhar ealaíne le déanaí dár teidil dó: ‘Coiscéim an Phiarsaigh’. Bailiúchán pictiúirí atá ann desna h-áiteanna i Ros Muc atá luaite i ngearrscéalta an Phiarsaigh.  Chas muid len a h-athair Maidhcó Ó Conaire agus chuaigh muid ar chamchuairt in éineacht leis thartímpeall Ros Muc. Thaistigh uaidh na h-áiteanna sin a thaispeáint dúinn agus bhí go leor scéalta eile aige chomh maith,  faoin bPiarsach agus an bhaint a bhí aige leis an cheantair.

Chonaic muid an áit ina mbíodh teach Sean-Mhaitias, áit ina mbíodh sé ag suí le h-ais a dhorais ag breathnadh ar an saol ag dhul thart. Chonaic muid ‘an fhaiche’, áit a mbíodh na páistí ag súgradh. B’é seo an áit inar thug sé Íosagán faoi dearadh don chéad uair. Dúirt Maidhcó linn go mbíonn na páistí ag súgradh ansin go fóill. Bhí sé go h-iontach é seo a fheiscint mar chuir sé go mór leis na gearrscéalta – bhí sé éasca dúinn an Piarsach a shamhlú ag siúl na bóithre céanna fadó, ag caint leis na páistí agus na seanóirí, agus é ag iarraidh feabhas a chur ar a chuid Gaeilge.

Maidhcá Seoighe agus Eoin Mac Lochlainn - Nach fánach an áit a bhfaighfeá gliomach (!)
Maidhcó Ó Conaire agus Eoin Mac Lochlainn – Nach fánach an áit a bhfaighfeá gliomach (!)

Sheas muid i gclós theach an phobail ag breathnadh ó thuaidh go dtí na sléibhte. B’é seo an áit ar theastaigh uaidh an Piarsach a theach a thógáil ar dtús.  Ní h-aon ionadh gur thaithin an suíomh seo leis mar tá an tírdhreach go h-álainn ar fad.  Ach tá an suíomh ar bhruach Locha Oiriúlaigh an-dheas chomh maith agus b’é sin an áit ar thóg sé a theachín sa deiridh.  Agus b’é sin an áit, ar an cnocán taobh thiar den teachín, ina mbíodh Eoghainín na nÉan ag caint is ag comhrá leis na bhfáinleoga…

Tá muid an-bhuíoch don urraíocht ó Údarás na Gaeltachta don togra seo

udaras-logo

http://www.udaras.ie/

https://emacl.wordpress.com/2016/03/31/ros-muc-1916-2016-2/

http://www.heritageireland.ie/en/west/patrickpearsescottage/

http://emacl.com/

https://www.facebook.com/Ag-Seasamh-An-Fh%C3%B3id-Ros-Muc-1073636212704070/