ealaín

Togra Ealaíne i Ros Muc

cloch

Tá muid ag tabhairt faoi thogra ealaíne i Ros Muc i mbliana le comóradh a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag muintir na h-áite ar an bPiarsach sna blianta roimh Éirí amach na Cásca agus le ceiliúradh a dhéanamh chomh maith ar an saibhreas cultúrtha atá sa gceantair ó shin i leith. Tá muid ag coimeád príomhthéamaí Chlár Éire 2016 inár n-aigne leis an togra seo.

Déantar éachtanna ar pháirc an chatha gan amhras – ach déantar éachtanna gach lá sa ghnáth saol chomh maith. Thóg tuismitheoirí an mbeirt ealaíontóir a theaghlaigh le Gaeilge cé nach le Gaeilge a tógadh iadsan.  Tuigeann muid beirt an támhacht atá ag baint leis an Ghaeltacht mar fhoinse cultúrtha ach is minic nach n-éistear le guthanna na ngnáth daoine sna Gaeltachtaí céanna. 

Cuid lárnach den togra ná díriú ar scéalta agus cuimhneamh mhuintir na h-áite faoin bhaint a bhí ag a mhuintir rompu leis an Éirí amach agus le Cogadh na Saoirse.  An rud a bhí i gceist againn ná ceardlanna agus chruinnithe a eagrú le muintir na h-áite maidir le téamaí an togra a phlé agus a fhorbairt. Ag eascrú as an phróiseas seo, theastaigh uainn obair ealaíne sealadach a chur i láthair i Ros Muc i 2016. Is é an sprioc a bhí againn ná saothar ealaíne a bheadh tarraingteach agus taitneamhach don phobail a chruthú.

Idir an dá linn má tá spéis ag éinne labhairt linn bheadh an-áthas orainn cloisteáil uaimh!

Advertisements

2 thoughts on “Togra Ealaíne i Ros Muc

    1. Hi Bernie, an-deas a chloisint uait aríst. Thaithin do phictiúirí ó scéalta Phádraig Mac Piarais go mór liom. Beidh muid ag teacht ar ais go Ros Muc ag deireadh mí Iúl le páirt a ghlacadh i Scoil samhraidh an Phiarsaigh. Nil mé cinnte go fóill céard a bhéas i gceist ansin – ach ‘sé Paid Ó Neachtain as Comhairle Contae na Gaillimhe a bhéas á eagrú… slán go fóill, eoin

      Like

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s