ealaín

Féilirí 2018 ar díol anois

painting by Eoin Mac Lochlainn of old empty fireplace

Ar dtús inniu, tá scéailín deas agam daoibh faoin bpictiúr seo ag barr. Sin tinteán mo shin-sheanmháthair, thuas ar leithinis Fhánada i nGaeltacht Thír Chonaill.

Emily McGloughlin ab ainm di agus ba leathdheirfiúr le Pádraig Mac Piarais í. Rugadh i mBleá Cliath í ach bhí sí ag obair ar feadh tréimhse mar bhean chabhrach (midwife) thuas i Fánaid. Dúirt bean liom go ndúirt bean léi go raibh cónaí uirthi i dteachaín beag deas in ascaill ghleanna, áit eicint in aice le Ros na Cille, in iarthar na leithinise.

photo of Eoin Mac Lochlainn in Fanad, Co. Donegal

Agus bhí an t-ádh linn. D’ aimsigh muid an teach gan mórán stró – ach faraor, bhí an dian tite isteach agus bhí driseacha agus eidhneán ag fás san seomra suí(!) Ach bhí crann úll fós ag fás lasmuigh, bhí toranna spíonán sa ghairdín cúil agus bhí srutháinín deas ag boilgearnach leis in aice láimhe.

Agus fiú má bhí sé truamhéalach anois, bhí suaimhneas iontach le mothú ann, agus is cinnte go raibh mo shin-sheanmháthair ag breathnú anuas orainn le grá ina croí.

Tá an pictiúr thuas i bhféilire nua a d’fhoilsigh mé le déanaí. Féilire de mo chuid pictiúirí atá ann – na tinteáin tréigthe a chonaic mé ar fud na tíre le tamaill de bhlianta anuas.  (Is féidir an féilire a cheannach anseo – nó ríomhphost a sheoladh chugam ag – eoinmaclochlainn@gmail.com ).

 

Féilirí ar díol - photo of Calendars by Eoin Mac Lochlainn€12 an ceann

Cosnaíonn na féilirí seo €12 and ceann.  (Níl aon costas breise ort don postas agus pacáistiú  má tá tú i do chónaí in Éirinn). Tá siad seo 330 cm x 218 cm agus níl ach céad acu foilsithe agam. Tá siad go léir sínithe ar chúl agam ach… más mian leat ceann (nó dhó) a cheannach,  ní mór duit brostú ort – mar tá siad ag imeacht ar nós na cácaí milse  🙂

https://emacl.wordpress.com/2018-calendar/

http://www.oliviercornetgallery.com/

 

2 thoughts on “Féilirí 2018 ar díol anois

    1. Eoin, a chara, aontaím go hiomlán leat ach is sórt turgnaimh nó triail a bhí ar siúl agam an uair seo – le fáil amach an mbeadh spéis ag daoine ann. Fuair mé na feilirí seo ó Vistaprint agus ní raibh aon rogha ann leis an téacs a athrú. Amach anseo, tá súil agam féilire a chruthú le mo théacs féin air… má bhíonn spéis ag daoine an babhta seo. Slán go fóill agus grmma, eoin

      Like

Leave a comment