ealaín, Imeachtaí Speisialta

An Fear a d’éalaigh amach an Fhuinneog

Unveiling of painting of Padhraic O Congaile by Eoin Mac Lochlainn
Philomena Ní Leathlobhair, Máire Barnard agus Micheál Ó Máille, Príomhoide ag nochtadh pictiúr de Phádhraic Ó Conghaile ag Scoil Náisiúnta Bhriocáin, an Gort Mór (pic: Seán Lydon)

Agus muid ag déanamh taighde ar Éirí amach na Cásca i Ros Muc, chuala muid tagairtí go minic ar an bfhear ar léim amach an fhuinneog.  Ach cé bhí ann agus cén fáth gur léim sé amach fuinneog?

Pádhraic Ó Conghaile an t-ainm a  bhí air, príomhoide Scoil Náisiúnta an Ghoirt Mhóir agus b’eisean an fear a thug Pádraig Mac Piarais go Ros Muc don chéad uair riamh.  Tá Micheál Ó Máille, an príomhoide san scoil céanna inniu, tar éis leabhar iontach a fhoilsiú faoi agus bhí an seoladh oifigiúil ar siúl dé hAoine seo chaite ag Scoil Náisiúnta Bhriocáin, an Gort Mór.

D’fhás cairdeas láidir idir an bPiarsach agus Pádhraic Ó Conghaile agus bhí Pádhraic gníomhach i gCogadh na Saoirse i ndiaidh 1916.  Thárla go raibh sé ag múineadh sa scoil lá amháin nuair a chualathas gleo ag teacht ina dtreo – na Dubhchrónaigh ag teacht i leoraí airm len é a ghabháil… Ach níor eirigh leo – mar dhreap sé amach an fhuinneog agus d’éalaigh sé leis, suas ar chnoc an Ghoirt Mhóir.

Dhath mise pictiúr de Phádhraic le crochadh sa scoil.   Bhí ócáid mór ann an tseachtain seo chaite nuair a sheol Seosamh Ó Cuaig leabhar Mhicíl go h-oifigiúl.  Bhí gar iníonacha Phádhraic ann freisin agus nochtaigh siadsan an pictiúr dá seanathair go h-oifigiúl.  Tá súil agam anois go dtabhairfear aitheantas ceart do Phádhraic Ó Conghaile agus don spreagadh a thug sé do mhuintir na h-áite – mar oide, mar réabhlóidí agus mar laoch.

http://scoilbhriocain.weebly.com/

http://tuairisc.ie/an-fear-a-thug-an-piarsach-go-ros-muc/

Ag Seasamh an Fhóid/

http://www.eoinmaclochlainn.com/

ealaín, Imeachtaí Speisialta

Oireachtas Chois Fharraige

piosa den scannán "Ar theacht an tSamhraidh"
pictiúr ón ghearrscannán “Ar theacht an tSamhraidh” le Eoin Mac Lochlainn

Fuair mé glaoch ó Joe Steve Ó Neachtain an lá cheana. Bhí sé tar éis mo scannáinín a fheiscint ag Scoil Samhraidh an Phiarsaigh agus thaistigh uaidh é a fheiscint aríst!!!   “Ar theacht an tSamhraidh” a bhí i gceist aige, ar ndóigh, an gearrscannán a chruthaigh mé mar chuid den togra ealaíne “Ag Seasamh an Fhóid”.  Bhuel, tá clú agus cáil ar Joe Steve mar scríobhnóir, aisteoir, drámadóir agus craoltóir agus mar sin, le barr fiosrachta, d’iarr mé air céard a bhí i gceist aige.

“Bhuel”, ar seisean, “Tá Oireachtas Chois Fharraige ar siúl an tseachtain seo chugainn agus ba mhaith linn é a chraoladh ansin”. (Bhí comóradh speisialta ar siúl acu i mbliana, ní h-amháin ar Oireachtas na Gaeilge 1976 ach ar Éirí amach na Cásca 1916 agus ar bhunú Chumann Forbartha Chois Fharraige i 1966. Agus ní comóradh amháin a bhí i gceist acu leis an bhféile, ach ceiliúradh mór ar an bpobal beo bríomhar atá ina cónaí i gCois Fharraige na laethanta seo).

Ní ghá dom a rá go raibh mé iontach sásta gur iarradh ormsa a bheith páirteach sa bfhéile seo agus, fiú má bhí sé déanach, d’éirigh liom mé fhéin a eagrú agus – as go brách liom, siar go Conamara don deireadh seachtaine.

Síle Denvir agus a cairde ag Oireachtas Chois Fharraige
Síle Denvir agus a cairde ag Oireachtas Chois Fharraige

Oíche dé hAoine, bhí ceolchoirm álainn ar siúl ar dtús – “Caithréim” – á chur i láthair ag Síle Denvir agus a cairde.  Ansin craoladh “Ar theacht an tSamhraidh” agus ansin chuir Fíbín “Mac Piarais i bPictiúir” i láthair. Níos déanaí fós, bhí seisiún ceoil ar siúl i dTigh Mholly in Indreabháin.

Is féidir an scanán sin a fheiscint ar Scéalta Ealaíne ag:

https://emacl.wordpress.com/2016/08/04/clandestine-projection-in-connemara/

 

 

ealaín, Imeachtaí Speisialta

Ag Scoil Samhraidh an Phiarsaigh…

film projection by Eoin Mac Lochlainn at Pearse's Cottage in Rosmuc, Connemara

Mar chuid de chlár Scoil Samhraidh an Phiarsaigh a bhí ar siúl i Ros Muc ag an deireadh seachtaine, bhí seans againn léiriú a thabhairt ar ár dtogra ealaíne: “Ag Seasamh an Fhóid”.  Thaispeáin mise an gearrscannán: “Ar Theacht an tSamhraidh” don chéad uair agus chruthaigh Nuala Ní Fhlathúin píosa ealaín suiteála thíos ag Loch an Turlaigh Bhig don deireadh seachtaine.

Nuair a bhí an chuid fhoirmeálta thart agus an phobail ag scaipeadh, d’imigh mise agus mo dheartháir (Fearghas) trasna go dtí Teach an Phiarsaigh aríst. Bhí soilse fós ar lasadh ag Scoil an Ghort Mhóir ach bhí muidne linn fhéin i gcoim na h-oíche. Chuir muid an teilgeoir ar siúl agus sheas muid ansin, le sceitimíní do-inste orainn, agus muid ag faire ar na h-íomhánna tochtmhara ag teacht agus ag imeacht ar bhinn tí an Phiarsaigh.  ‘Sé seo thíos an scannán ar theilg muid…

Buíochas le Dia, bhí an aimsir tirim, bhí an oíche galánta agus d’oibrigh gach rud gan stró don ócáid speisialta seo. Tá níos mó scríofa agam faoi seo ar mo bhlag fhéin: “Scéalta Ealaíne”  (an chéad nasc thíos)

https://emacl.wordpress.com/

http://www.gaillimh.ie

http://www.eoinmaclochlainn.com/

http://www.pearsemcgloughlin.com/

http://tuairisc.ie/gailearai-caint-bhriomhar-ag-scoil-samhraidh-an-phiarsaigh-i-ros-muc/

 

ealaín, stair

Ardú Meanman i gCrois an Araildigh

Rising exhibition at Mount Argus, curated by Eoin Mac Lochlainn
Eitleoga le Nuala Ní Fhlathúin, i Mainistir Mount Argus, Crois an Araildigh

Agus muid ag tabhairt faoin togra ealaíne “Ag Seasamh an Fhóid” i Ros Muc,  thárla go bhfuair muid deis é a thabhairt go Baile Átha Cliath chomh maith.

Chuir muid taispeántas ar siúl i sean-mhainistir Mount Argus i gCrois an Araildigh, áit ina mbíodh an Piarsach agus a chlann go minic roimh Éirí Amach na Cásca. Bhíodh máthair an Phiarsaigh ag múineadh ranganna Gaeilge anseo ar feadh scaithimh agus bhí aithne mhaith acu ar na manaigh ann.  Tá dealbh den Mhaighdean Mhuire le Willie insan mainistir fós. Chuaigh Pádraig agus Willie ar faoistin anseo ar Aoine an Chéasta, roimh dóibh dhul isteach sa chathair don Éirí Amach.

“Rising” an teideal a thugamar ar an dtaispeántas seo.  Chuir go leor daoine spéis sna h-eitleoga a chroch Nuala Ní Fhlathúin ann, eitleoga a chruthaigh sí le neantóga triomaithe. Bhí an cuma orthu go raibh siad ag éirí in airde, ag tabhairt ardú meanman dúinn agus iad ar foluain insan Seomra Uachtarach i Mount Argus.  Bhí sé an-dheas go raibh ceangal idir an dá áit agus chuir muintir Chrois an Araidigh an-spéis insan togra a bhí ar siúl againn i Ros Muc.

Bhí físeán le Ricí Ní Chléirigh againn chomh maith, físeán ina raibh beirt ag cniotáil agus ag scaoileadh geansaithe de olann dearg. Mheabhraigh sé dom an támhacht a bhí leis na mná san éirí amach cé gur tugadh neamhaird orthu le fada an lá. Ní thugtar mórán measa do “obair ban” riamh, is dócha, cé go bhfuil an saol ag brath air… Lean an léiriú seo a rinne Ricí agus a h-iníon, naoi n-uair a’ chloig.

video installation at Mount Argus by Rici Ni Chleirigh in the Rising exhibition curated by Eoin Mac Lochlainn
Físeán le Ricí Ní Chléirigh

Thaispeáin mise portráid den Piarsach, an ceann atá le feiscint ar chlúdach chlár Scoil Samhraidh an Phiarsaigh i mbliana, ach bhí pictiúr theibí agam chomh maith (an ceann dearg thíos).  Fadó, d’iarr an tAthair Ralph orm pictiúr a dhathadh dó – nuair a bhí stiúideo agam i mbóitheach taobh thiar de shean-mhainistir Mount Argus.  Thaistigh uaidh pictiúr a bheadh bunaithe ar Pháis Chríost. Cheap mé go mbeadh sé spéisiúl é seo a chur san taispeántas chun tagairt a dhéanamh don ceangal idir na manaigh agus na hÓglaigh agus chomh maith le sin, an ceangal idir Éirí amach na Cásca agus bás agus aiséirí Chríost.

abstract painting by Eoin Mac Lochlainn at Mount Argus, Dublin
‘An Pháis’ le Eoin Mac Lochlainn

Bhí sraith de phictiúirí le Lorcan Walshe againn freisin, sraith aghaidheanna thaibhsiúla (ceann amháin acu thíos) a thug chun cuimhne na daoine go léir a cailleadh in Éirí amach na Cásca.

Painting of Head by Lorcan Walshe in Rising exhibition curated by Eoin Mac Lochlainn at Mount Argus, Dublin

Agus bhí an t-ádh linn go raibh an file Catherine Ann Cullen linn chun an taispeántas seo a oscailt. Labhair sí go tuisceanach, dea-chroíoch faoi na h-oibreacha ealaíne agus – creid nó ná chreid – ach bhí dán scríofa aice go speisialta don ócáid. Agus thug sé sin ardú meanman dúinn freisin!

Tá físeán den taispeántas thíos faoi seo.  Muna féidir leat é a fheiscint láithreach, ba chóir duit cliceáil isteach sa bhlag fhéin…

http://emacl.com/

https://nuaealain.wordpress.com/

ealaín, gearrscéalta

Íosagan agus Scéalta eile

Íosagán agus Sean-Mhaitias os comhair an Fhaiche
Íosagán agus Sean-Mhaitias os comhair an Fhaiche  (Eibhlín Ní Chochláin a chruthaigh an líníocht)

Tá ealaíontóir clúiteach ina cónaí i Ros Muc. Bernie Joyce is ainm di. D’fhoilsigh sí leabhar ealaíne le déanaí dár teidil dó: ‘Coiscéim an Phiarsaigh’. Bailiúchán pictiúirí atá ann desna h-áiteanna i Ros Muc atá luaite i ngearrscéalta an Phiarsaigh.  Chas muid len a h-athair Maidhcó Ó Conaire agus chuaigh muid ar chamchuairt in éineacht leis thartímpeall Ros Muc. Thaistigh uaidh na h-áiteanna sin a thaispeáint dúinn agus bhí go leor scéalta eile aige chomh maith,  faoin bPiarsach agus an bhaint a bhí aige leis an cheantair.

Chonaic muid an áit ina mbíodh teach Sean-Mhaitias, áit ina mbíodh sé ag suí le h-ais a dhorais ag breathnadh ar an saol ag dhul thart. Chonaic muid ‘an fhaiche’, áit a mbíodh na páistí ag súgradh. B’é seo an áit inar thug sé Íosagán faoi dearadh don chéad uair. Dúirt Maidhcó linn go mbíonn na páistí ag súgradh ansin go fóill. Bhí sé go h-iontach é seo a fheiscint mar chuir sé go mór leis na gearrscéalta – bhí sé éasca dúinn an Piarsach a shamhlú ag siúl na bóithre céanna fadó, ag caint leis na páistí agus na seanóirí, agus é ag iarraidh feabhas a chur ar a chuid Gaeilge.

Maidhcá Seoighe agus Eoin Mac Lochlainn - Nach fánach an áit a bhfaighfeá gliomach (!)
Maidhcó Ó Conaire agus Eoin Mac Lochlainn – Nach fánach an áit a bhfaighfeá gliomach (!)

Sheas muid i gclós theach an phobail ag breathnadh ó thuaidh go dtí na sléibhte. B’é seo an áit ar theastaigh uaidh an Piarsach a theach a thógáil ar dtús.  Ní h-aon ionadh gur thaithin an suíomh seo leis mar tá an tírdhreach go h-álainn ar fad.  Ach tá an suíomh ar bhruach Locha Oiriúlaigh an-dheas chomh maith agus b’é sin an áit ar thóg sé a theachín sa deiridh.  Agus b’é sin an áit, ar an cnocán taobh thiar den teachín, ina mbíodh Eoghainín na nÉan ag caint is ag comhrá leis na bhfáinleoga…

Tá muid an-bhuíoch don urraíocht ó Údarás na Gaeltachta don togra seo

udaras-logo

http://www.udaras.ie/

https://emacl.wordpress.com/2016/03/31/ros-muc-1916-2016-2/

http://www.heritageireland.ie/en/west/patrickpearsescottage/

http://emacl.com/

https://www.facebook.com/Ag-Seasamh-An-Fh%C3%B3id-Ros-Muc-1073636212704070/

 

ealaín, nádúr

An Piarsach agus an dúlra

 

Giorria Éireannach, Ros Dubh
Giorria Éireannach, Ros Dubh

Tá mapa iontach agam de Ros Muc, mapa a chruthaigh Gwyneth Uí Ghaora roinnt blianta ó shin. Cheannaigh mé é i Tí Mháille le déanaí agus tá mé tar éis a bheith á staidéar ó shin  – tá sé lán de eolas faoin cheantar agus de phictiúirí den nádúr. Taithníonn na líníochtaí go mór liom – ainmhithe agus éanlaith de gach sórt gur féidir a fheiscint i Ros Muc.

Deirfinn  gur ceantar an-mhaith é Ros Muc le bheith ag faire ar éin nó ag déanamh staidéar ar an nádúr mar gur áit ciúin, síochánta é (‘sé sin nuair nach mbíonn na Gaeilgeoirí ar cuairt ann!) agus deirfinn gurb é seo ceann de na cúiseanna gur thaithin an ceantar go mór le Pádraig Mac Piarais ó thús. Dúirt fear liom nuair a fheiceann tú an léicean agus an caonach ag fás chomh tréan ar na crainn is ar na clocha mar a fheictear i Ros Muc, bíonn a fhios agat go bhfuil an aer úr agus folláin sa dúiche seo.

Nuala Ní Fhlathúin ag déanamh staidéir ar an ndúlra
An t-ealaíontóir Nuala Ní Fhlathúin ag déanamh staidéir ar an nádúr i Ros Muc

Dúirt fear eile liom go mbíodh an Piarsach amuigh ar Loch Oiriúlach i mbáidín beag agus é in ainm is a bheith ag iascaracht – ach nár mharaigh sé iasc riamh.  Bhí grá mór aige d’ainmhithe agus do éanlaith agus uair amháin, nuair a d’aimsigh sé Gealbhan marbh ar lic a dhorais, scríobh sé dán beag le comóradh ar dhéanamh air…

A éin bhig!

Fuar liom do luí ar an lig:

A éin nár smuain riamh olc,

Trua triall an bháis ort!

An mapa a chruthaigh Gwyneth Uí Ghaora
An mapa a chruthaigh Gwyneth Uí Ghaora

Banscríobhnóirí Ros Muc a d’fhoilsigh an mapa seo. Thug Cumas Teoranta deontas leis an obair a dhéanamh agus ‘sé Clódóirí Lurgan a rinne é a phriontáil.

ealaín, stair

Teach an Phiarsaigh

Teach an Phiarsaigh, le Piaras F. Mac Lochlainn
Teach an Phiarsaigh, le Piaras F. Mac Lochlainn

Bhí pictiúr de Theach an Phiarsaigh ag crochadh inár seomra suí sa bhaile agus mé ag fás – pictiúr ar dhath mo athair fadó. Cailleadh m’athair nuair a bhí mise deich mbliana d-aois ach thuig muid i gcónaí go raibh támhacht ag baint leis an bpictiúr seo (thíos) agus leis an teachín sin i Ros Muc.

Thaistil an Piarsach siar go Ros Muc le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. Thuig sé an saibhreas a bhí ag baint leis an chultúr ann. Thuig m’athair an rud céanna agus, cé gur tógadh é féin agus mo mháthar le Béarla, bhí rún acu a gclann féin a thógaint le Gaeilge agus mar sin, thaistil siadsan siar go Ros Muc leis an teanga a chleachtadh. (Tá muintir Mhic Lochlainn gaolta le Pádraic Mac Piarais).

Déantar éachtanna ar pháirc an chatha gan amhras – ach déantar éachtanna gach lá sa ghnáth saol freisin. Tá mise fíor-bhuíoch do mo thuismitheoirí mar gur bhronn siad an chultúr Ghaelach orm. Thaistigh uaim machnamh a dhéanamh ar an chaidreamh a d’fhás idir an Piarsach agus muintir Chonamara thart ar céad bliain ó shin agus níos déanaí ná sin, ar an chaidreamh idir mo thuismitheoirí agus muintir Chonamara agus ar deireadh, thaistigh uaim scrúdú a dhéanamh ar an chaidreamh gurbh fhéidir a mhúscailt idir Jackeen cosúil liom fhéin agus muintir Ros Muc.

Bhí an t-ádh ar fad liom gur casadh Nuala Ní Fhlathúin orm agus go raibh muid in ann tabhairt faoi togra le chéile i Ros Muc. Bhí mé ag ceapadh go mbéadh na dúshlánaithe céanna agam is a bhí ag mo mhuintir rómham… ach bhí mé cinnte gur fiú go mór tabhairt faoi le comóradh fónta a dhéanamh ar Éirí amach na Cásca. Tá an bheirt againn an-bhuíoch de mhuintir Ros Muc leis an fáilte chaoin a chuir siad rómhainn cheana féin….   agus tá muid an-bhuíoch don urraíocht ó

udaras-logo

http://www.udaras.ie/