ealaín, nádúr

An Piarsach agus an dúlra

 

Giorria Éireannach, Ros Dubh
Giorria Éireannach, Ros Dubh

Tá mapa iontach agam de Ros Muc, mapa a chruthaigh Gwyneth Uí Ghaora roinnt blianta ó shin. Cheannaigh mé é i Tí Mháille le déanaí agus tá mé tar éis a bheith á staidéar ó shin  – tá sé lán de eolas faoin cheantar agus de phictiúirí den nádúr. Taithníonn na líníochtaí go mór liom – ainmhithe agus éanlaith de gach sórt gur féidir a fheiscint i Ros Muc.

Deirfinn  gur ceantar an-mhaith é Ros Muc le bheith ag faire ar éin nó ag déanamh staidéar ar an nádúr mar gur áit ciúin, síochánta é (‘sé sin nuair nach mbíonn na Gaeilgeoirí ar cuairt ann!) agus deirfinn gurb é seo ceann de na cúiseanna gur thaithin an ceantar go mór le Pádraig Mac Piarais ó thús. Dúirt fear liom nuair a fheiceann tú an léicean agus an caonach ag fás chomh tréan ar na crainn is ar na clocha mar a fheictear i Ros Muc, bíonn a fhios agat go bhfuil an aer úr agus folláin sa dúiche seo.

Nuala Ní Fhlathúin ag déanamh staidéir ar an ndúlra
An t-ealaíontóir Nuala Ní Fhlathúin ag déanamh staidéir ar an nádúr i Ros Muc

Dúirt fear eile liom go mbíodh an Piarsach amuigh ar Loch Oiriúlach i mbáidín beag agus é in ainm is a bheith ag iascaracht – ach nár mharaigh sé iasc riamh.  Bhí grá mór aige d’ainmhithe agus do éanlaith agus uair amháin, nuair a d’aimsigh sé Gealbhan marbh ar lic a dhorais, scríobh sé dán beag le comóradh ar dhéanamh air…

A éin bhig!

Fuar liom do luí ar an lig:

A éin nár smuain riamh olc,

Trua triall an bháis ort!

An mapa a chruthaigh Gwyneth Uí Ghaora
An mapa a chruthaigh Gwyneth Uí Ghaora

Banscríobhnóirí Ros Muc a d’fhoilsigh an mapa seo. Thug Cumas Teoranta deontas leis an obair a dhéanamh agus ‘sé Clódóirí Lurgan a rinne é a phriontáil.

ceol, damhsa, stair

Fleadh an Turlaigh Bhig

pictiúr de Phádhraic Ó Conghaile le Eoin Mac Lochlainn
pictiúr de Phádhraic Ó Conghaile le Eoin Mac Lochlainn

Bhí muintir Ros Muc iontach lách linn. Thug Coilmín Ó Mainín ar chamchuairt muid lá amháin, go dtí na h-áiteanna is spéisiula i Ros Muc (agus bhí go leor acu ann).  Thug Maidhcó Ó Conaire muid amach lá eile…

Thosnaigh muid ag seanscoil an Ghoirt Mhóir – áit a bhí Pádhraic Ó Conghaile ina Phríomhoide tráth. Ba eisean ba chúis le Pádraig Mac Piarais a thabhairt go Ros Muc an chéad lá riamh (sa bhliain 1903). Ar aghaidh linn ansin go dtí Bóthar an Oileán, áit a bhí teach mór ag Lord Dudley Shasana fadó. Bhíodh fleadhanna ar siúl anseo do pháistí an cheantair, sórt garden fêtes is dócha, le ceol agus cluichí gallda. Chuir siad seo isteach go mór ar an bPiarsach agus d’eagraigh seisean fleadh eile ina ionad – Fleadh an Turlaigh Bhig – chun ceol agus cultúr na nGael a cheiliúradh.

Fleadh an Turlaigh Bhig i Ros Muc le Eoin Mac Lochlainn

An Fleadh sa Chrannóg ar Domhnach Cásca
An Fleadh sa Chrannóg ar Domhnach Cásca

I mbliana, ar ndóigh, bhí comóradh mór ar siúl i Ros Muc agus, mar chuid speisíalta den chomóradh sin, cuireadh Fleadh an Turlaigh bhig ar siúl aríst. Bhí sé ar siúl sa Chrannóg ar Domhnach Cásca agus thaithin sé go mór linn go léir. Ceol agus craic, damhsa, amhránaíocht agus bia maith. Thuig an Piarsach fadó an saibhreas agus an támhacht a bhí ag baint leis an chultúr Gaelach agus thuigeamarna an rud céanna an lá sin.

Thug muid cuairt ar go leor áiteanna eile – teach Choilm Ó Gaora, sean-teach Phádraic Óg Ó Conaire, teach Chaitlín Maude – ach leanfaidh mé leis an scéil seo níos déanaí.  Ní gá a rá ach go raibh muid ag cur níos mó agus níos mó spéise sa cheantair le gach scéal nua.

Tá muid an-bhuíoch don urraíocht ó Údarás na Gaeltachta don togra ealaíne seo

udaras-logo

http://www.udaras.ie/

ealaín, stair

Teach an Phiarsaigh

Teach an Phiarsaigh, le Piaras F. Mac Lochlainn
Teach an Phiarsaigh, le Piaras F. Mac Lochlainn

Bhí pictiúr de Theach an Phiarsaigh ag crochadh inár seomra suí sa bhaile agus mé ag fás – pictiúr ar dhath mo athair fadó. Cailleadh m’athair nuair a bhí mise deich mbliana d-aois ach thuig muid i gcónaí go raibh támhacht ag baint leis an bpictiúr seo (thíos) agus leis an teachín sin i Ros Muc.

Thaistil an Piarsach siar go Ros Muc le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. Thuig sé an saibhreas a bhí ag baint leis an chultúr ann. Thuig m’athair an rud céanna agus, cé gur tógadh é féin agus mo mháthar le Béarla, bhí rún acu a gclann féin a thógaint le Gaeilge agus mar sin, thaistil siadsan siar go Ros Muc leis an teanga a chleachtadh. (Tá muintir Mhic Lochlainn gaolta le Pádraic Mac Piarais).

Déantar éachtanna ar pháirc an chatha gan amhras – ach déantar éachtanna gach lá sa ghnáth saol freisin. Tá mise fíor-bhuíoch do mo thuismitheoirí mar gur bhronn siad an chultúr Ghaelach orm. Thaistigh uaim machnamh a dhéanamh ar an chaidreamh a d’fhás idir an Piarsach agus muintir Chonamara thart ar céad bliain ó shin agus níos déanaí ná sin, ar an chaidreamh idir mo thuismitheoirí agus muintir Chonamara agus ar deireadh, thaistigh uaim scrúdú a dhéanamh ar an chaidreamh gurbh fhéidir a mhúscailt idir Jackeen cosúil liom fhéin agus muintir Ros Muc.

Bhí an t-ádh ar fad liom gur casadh Nuala Ní Fhlathúin orm agus go raibh muid in ann tabhairt faoi togra le chéile i Ros Muc. Bhí mé ag ceapadh go mbéadh na dúshlánaithe céanna agam is a bhí ag mo mhuintir rómham… ach bhí mé cinnte gur fiú go mór tabhairt faoi le comóradh fónta a dhéanamh ar Éirí amach na Cásca. Tá an bheirt againn an-bhuíoch de mhuintir Ros Muc leis an fáilte chaoin a chuir siad rómhainn cheana féin….   agus tá muid an-bhuíoch don urraíocht ó

udaras-logo

http://www.udaras.ie/

 

ealaín

Togra Ealaíne i Ros Muc

cloch

Tá muid ag tabhairt faoi thogra ealaíne i Ros Muc i mbliana le comóradh a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag muintir na h-áite ar an bPiarsach sna blianta roimh Éirí amach na Cásca agus le ceiliúradh a dhéanamh chomh maith ar an saibhreas cultúrtha atá sa gceantair ó shin i leith. Tá muid ag coimeád príomhthéamaí Chlár Éire 2016 inár n-aigne leis an togra seo.

Déantar éachtanna ar pháirc an chatha gan amhras – ach déantar éachtanna gach lá sa ghnáth saol chomh maith. Thóg tuismitheoirí an mbeirt ealaíontóir a theaghlaigh le Gaeilge cé nach le Gaeilge a tógadh iadsan.  Tuigeann muid beirt an támhacht atá ag baint leis an Ghaeltacht mar fhoinse cultúrtha ach is minic nach n-éistear le guthanna na ngnáth daoine sna Gaeltachtaí céanna. 

Cuid lárnach den togra ná díriú ar scéalta agus cuimhneamh mhuintir na h-áite faoin bhaint a bhí ag a mhuintir rompu leis an Éirí amach agus le Cogadh na Saoirse.  An rud a bhí i gceist againn ná ceardlanna agus chruinnithe a eagrú le muintir na h-áite maidir le téamaí an togra a phlé agus a fhorbairt. Ag eascrú as an phróiseas seo, theastaigh uainn obair ealaíne sealadach a chur i láthair i Ros Muc i 2016. Is é an sprioc a bhí againn ná saothar ealaíne a bheadh tarraingteach agus taitneamhach don phobail a chruthú.

Idir an dá linn má tá spéis ag éinne labhairt linn bheadh an-áthas orainn cloisteáil uaimh!