Tá mapa iontach agam de Ros Muc, mapa a chruthaigh Gwyneth Uí Ghaora roinnt blianta ó shin. Cheannaigh mé é i Tí Mháille le déanaí agus tá mé tar éis a bheith á staidéar ó shin – tá sé lán de eolas faoin cheantar agus de phictiúirí den nádúr. Taithníonn na líníochtaí go mór liom – ainmhithe agus éanlaith de gach sórt gur féidir a fheiscint i Ros Muc.
Deirfinn gur ceantar an-mhaith é Ros Muc le bheith ag faire ar éin nó ag déanamh staidéar ar an nádúr mar gur áit ciúin, síochánta é (‘sé sin nuair nach mbíonn na Gaeilgeoirí ar cuairt ann!) agus deirfinn gurb é seo ceann de na cúiseanna gur thaithin an ceantar go mór le Pádraig Mac Piarais ó thús. Dúirt fear liom nuair a fheiceann tú an léicean agus an caonach ag fás chomh tréan ar na crainn is ar na clocha mar a fheictear i Ros Muc, bíonn a fhios agat go bhfuil an aer úr agus folláin sa dúiche seo.
Dúirt fear eile liom go mbíodh an Piarsach amuigh ar Loch Oiriúlach i mbáidín beag agus é in ainm is a bheith ag iascaracht – ach nár mharaigh sé iasc riamh. Bhí grá mór aige d’ainmhithe agus do éanlaith agus uair amháin, nuair a d’aimsigh sé Gealbhan marbh ar lic a dhorais, scríobh sé dán beag le comóradh ar dhéanamh air…
A éin bhig!
Fuar liom do luí ar an lig:
A éin nár smuain riamh olc,
Trua triall an bháis ort!
Banscríobhnóirí Ros Muc a d’fhoilsigh an mapa seo. Thug Cumas Teoranta deontas leis an obair a dhéanamh agus ‘sé Clódóirí Lurgan a rinne é a phriontáil.